Description
Le Do Thaobh / Eoghan Búrcach is an Deoch Bhuí Cheoigh
This EP has two versions of the winning song in the Pan-Celtic Song Contest in Carlow in 2013: “Le Do Thaobh” (By your Side). The words are by Áine Durkan and the music by Seoirse Ó Dochartaigh.
One version is a simple one for voice and guitar; the second has the addition of violin & viola by Karen McLaughlin of Henry Girls fame. Seoirse has added here some vocal harmonies to the chorus.
The other song is unusual: “Eoghan Búrcach is an Deoch Bhuí Cheoigh” [Owen Burke and the Yellow Drink of the Mist]. It is based on a fragment of a very old song from Ranafast that was collected and published in 1937 with an accompanying story. Seoirse hopes to make a commercial recording of a version of the song + story sometime. The current version on the disc uses an American minor key tune to which the song “I Was Born in West Virginia” is often sung. It may have been an Irish tune originally, brought over to America by emigrants. Seoirse had to make many changes to the original words to allow them to fit the melody. However, he has kept to the spirit and narrative of the original.
“Eoghan Búrcach is an Deoch Bhuí Cheoigh” has been explored by Dr Angela Bourke of UCD. There is an ancient European folk tradition connected to the “tenth” child in families:
Storytellers are often unable to explain the meaning of Deachaoin, other than to say it is something to which sacrifice must be made. It seems, however, to be a form of the word “daechú”, tithe [a tenth of something].
According to Irish sources the tenth, the twelfth or the thirteenth child of the same sex belonged to the deity named Deachaoin, perhaps the deity of birth and death, the goddess of fate. In the otherwise strong folk traditions of Ranafast they had forgotten, being so ancient a word, the real meaning and implication of Deachaoin and daechú and replaced them with the more identifiable Deoch Bhuí which could mean, however obscure this might sound, Yellow Drink.
Eoghan Búrcach agus an Deoch Bhuí Cheoigh
Sa tsean-aimsir, ba é an nós a bhí ag daoine a raibh clann mhór acu ná duine acu a thabhairt don “Deoch Bhuí”. Deirfeadh siad fosta do pháiste dalba “Bhearfaidh mé don deoch bhuí thú!”. Agus cuir i gcás: dá mbeadh rud ineacht briste thar leasú go dtabharfadh siad do deoch-bhuí é.
Ceithre scór bliain ó shoin nó mar sin bhí an nós seo coitiannta go leor sa cheantar seo ach níor thuig mórán daoine an bunmhíniú a bhí air, ach na céadtaí bliain roimhe bhí tuigbháil iomlán acu air seo: ba é an deichiú páiste sa chlann a bhí i gceist – b’ionann an deoch bhuí agus an deichiú. Agus an páiste sin, shíl siad gur duine ar leith a bhí ann go raibh místeachas nó fiosaíocht ag baint leis. Agus d’ofrálfadh siad an duine seo don dia agus ligfeadh siad ar shiúil é ag spaisteoireacht ar fud an domhain. Sin na céadtaí bliain ó shoin, ar ndóighe.
An Scéal:
Bhí duine uasal ann fad ó shoin i gceantar Loch an Fheoráin, agus b’eigean dó girseach as a theach a thabhairt don “Deoch Bhuí”. D’fhág sé istigh insan choillidh í gan amharc ina diaidh a choíche, a fhad is go mbeadh sí beo ag piocadh sméara nó cnónna na gcrann.
Ar scor ar bith, bhí buachaill darbh ainm Eoghan Búrcach fostaithe ag an duine uasal seo, agus lá amháin, d’iarr an duine uasal air an t-eallach a thabhairt chun na coilleadh — go raibh féar maith ann. Thug, agus chonaic sé an cailín ag 1éimnigh fríd na crainn, gan mórán eadaigh uirthi, agus gan fios aici cibé bhí nó nach raibh. Anois agus aríst, gheobhadh sé corramharc fríd an choillidh uirthi, ach bhíodh sí i gcónaí ag teicheadh uaidh.
Lá amháin, thug sé leis spád ó theach an duine uasail agus rinne sé teach beag dó féin istigh sa choillidh. Bhí arán leis, agus nuair a bhíodh sé ag ithe a dhinnéara thiteadh giota beag anseo agus ansiúd. Nuair a d’imeochadh sé ag ceapadh an eallaigh, thiocfadh sise agus rachadh sí ag piocadh an bhídh. Bhí truaigh aige di nuair a chonaic sé sin, agus d’fhágadh sé níos mó agus níos mó aici. D’íosfadh sí uilig é, ach ní labharadh sí ar chor ar bith, agus ní labharfadh seisean léi ar eagla go n-imeochadh sí. Dar leis, dá mbeadh sópa agus tine agus uisce aici, go nighfeadh sí í féin agus go dtiocfadh sí ‘na bhaile leis.
Ag dul ‘na bhaile dó an oíche sin, d’inis sé an scéal dá máthair agus dá hathair go dtiocfadh an cailín chuige agus go n-íosfadh sí an t-arán. Dúirt sé dá mbeadh gléas aici — pota nó tobán uisce — nó dá mbeadh a dhath aici a bhainfeadh di an dóigh a bhí uirthi, go raibh sé ag déanamh go nglanfadh sí í féin suas agus go mbeadh sí ina bean bhreá aige.
Cuireadh leis sópa agus tobán uisce agus trí cinn de chultacha éididh; agus is é an rud a dúirt a hathair agus a máthair leis go bhfuíodh sé í le pósadh ar son an tsaothair a bhí déanta aige, dá n-éireochadh leis í a thabhairt ‘na bhaile leis.
Chuaigh sé chun na coilleadh aríst, agus thaispeán sé na cultacha deasa di, agus dúirt sé go dtabharfadh sé na cultacha di dá níodh sí í féin sa tobán, agus go mbeadh siad iontach deas uirthi. Dúirt sí go nglanfadh sí í féin mar gheall ar an eadach deas a fháil, agus go mbeadh sí leis ‘na bhaile an oíche sin.
Bhí sí leis – agus, ar ndóighe, i gceann tamaillt, pósadh iad. Bhí seisean i bhfathach léi chomh mór is bhí sise leisean. Ach nuair a bhí siad tamallt beag pósta, chonacthas dá muintir go raibh sé ró-íseal acu í a thabhairt do bhuachaill bó agus é bheith á chaitheamh suas leofa. Dar leofa, dá mbeadh an Búrcach marbh, b’fhurasta fear eile ní b’fhearr ná é a fháil. Rinne siad suas eatarthu, i nganfhios don chailín, go rachfadh a deartháir Aodh agus an Chaileach Bhuí amach i mbád leis an Bhúrcach, agus go mbáifeadh siad amuigh i Loch an Fheoráin é.
Chuaigh an triúr amach agus cha raibh fhios ag an Bhúrcach cad é bhí siad ag dul a dhéanamh leis. Nuair a tháinig an tráthnóna, chuaigh an scéal fríd an bhaile gur bádh an bád agus fear de na fir. Chuaigh an mháthair ag caoineadh a mhic (bhí sí ag ligint uirthi nach raibh fhios aici cé acu ar bádh é) agus chuaigh an iníon ag caoineadh a fir
Eoghan Búrcach is an Deoch Bhuí Cheoigh
1
A mháithrín dílis, nach trua mo scéal é,
M’ Eoghan uasal insa deoch bhuí cheoigh.
A mhná na caointe ó uaigneas sléibhe,
Druidigí thart nó go n-instear mo scéal.
2
Chuir mo mhuintir chun na coillidh cnó mé;
Bhain siad díom-s mo chlóca bruthach,
Hata ‘gus bróga is mo stocaí síoda,
Gan oiread le n-ól ach an deoch bhuí cheoigh.
3
‘Sé dúirt Eoghan Óg de bhunadh Búrcach
Ag seoladh na ngamhna sa choillidh chnó:
“Cad chuige do leithéid a’ piocadh sméara
Ar mhín a’ tsléibhe insan choillidh chnó?”
4
“Nach léar do chách mo chás a dhéanamh,
Lá ‘gus oíche insa’ choillidh chnó
Gan oiread le n-ithe ach na sméara dubha,
Caite gan dóigh insan deoch bhuí cheoigh”
5
“Phósfainn thú, mo spéirbhean álainn;
Thógfainn teach dúinn thíos sa ghleann,
Bia ‘gus dí go leor ar bord dúinn,
Báinín brocach ar do chorp geal bán.”
6
Pósadh Eoghan orm maidin Dé Domhnaigh,
Báinín brocach ar mo chorp geal bán –
Ach tuairim mo mhuintir’ gur bhocht mo scéal é
Ar shiúil gan dóigh leis an bhuachaill bó.
7
Thug siad Eoghan i lár Loch na nDeor ann,
Mo dheartháir Aodh is an Chaileach Bhuí.
Bháigh siad Eoghan ina chulaith phósta,
D’fhág siad Eoghan insan deoch bhuí cheoigh.
8
A mhná na caointe, tá mo chroí-se brúite –
Mo chleamhnas déanta le bodach an óir –
Culaith bhreá shíoda orm síos go féar glas,
Ach m’ Eoghan bocht uasal sa deoch bhuí cheoigh
© Seoirse Ó Dochartaigh
Le Do Thaobh
Is iomaí lá a chaithim i mo shuí
Ag tóraíocht, ag machnamh ‘s ag guí
Ag cuartú faoisimh áit ar bith
Don chrá, don bhriseadh croí
A tháinig le d’imeachtsa a dhil
Tá an saol ag dul i ndonacht chuile lá
Ó d’imigh tú níl boladh ar an mbláth
Níl nádúr cothrom mar a bhí
Sa ngaoth tá sioscadh sí
Ag caoineadh mar nach mbeidh tú linn arís
Curfá
Is fada liom go mbeidh mé le do thaobh
San áit sin ina mbeidh mo spiorad saor
Dá mbeadh deireadh le mo shaol
Ba chuma liom a chroí
Mar bheinnse ar mo shuaimhneas le do thaobh
Cloisim-se faoi chogadh chuile lá
Níl síocháin ná níl faoiseamh ann le fáil
Tá luach na beatha curtha amú
‘S’tá chuile ghné faoi bhrú
Gan am ag daoine labhairt le chéile fiú
Deir daoine nach bhfuil dóchas ann do chách
Nach bhfuil rud ar bith i ndán dúinn ach an bás.
Féach an bochtanas, an ganntan,
An gorta ‘is an phlá
Is nach aoibhinn anam saor ó sin, a ghrá
Curfá
Is fada liom go mbeidh mé le do thaobh
San áit sin ina mbeidh mo spiorad saor
Dá mbeadh deireadh le mo shaol
Ba chuma liom a chroí
Mar bheinnse ar mo shuaimhneas le do thaobh
Tá áilleacht achan áit is fíor le rá
Ach tá deora bróin ‘mo dhalladh ‘s mo chrá
Gan aon fhocal ó do ghlór
Níl rudaí mar ba chóir
Ó, is láidre buairt ná dóchas fós, a stór
Is iomaí uair a bhím ag smaoineamh ort
Ó d’fhág d’anam dílis áit na gcorp
Níl nasc ná ceangal cuí
Ach amháin an ceangal croí
Rud nach mbrisfidh leis an mbás ar feadh mo shaoil
Curfá
Is fada liom go mbeidh mé le do thaobh
San áit sin ina mbeidh mo spiorad saor
Dá mbeadh deireadh le mo shaol
Ba chuma liom a chroí
Mar bheinnse ar mo shuaimhneas le do thaobh
© Focail: Áine Durkin Ceol:Seoirse Ó Dochartaigh